Skip to main content

10 Fuaimniú

(06/08/2025)


Gutaí

  • Gutaí leathan: a, o, u
  • Gutaí caol: i, e

Tá trí bhealach leis an litir ‘L’ a fhuaimniú sa Ghaeilge:

Gutaí leathan (i.e. roimh nó tar éis gutaí leathan)Gutaí caol (i.e. roimh nó tar éis gutaí caol)
Lom (vare)léim
Lámhleamh (weak, incipit)
Labhairleabhar
Láthairleather
Luaslios (fairy / ring-fort)
Lagleag

‘L’ cosúil leis an mBéarla:

  • Liom
  • leat
  • Leis
  • Léí
  • Linn
  • Libh
  • Leo
  • Súil

(Ach ní úsáidtear an ‘L’ seo rómhinic)


Na Défhoghair (Diphthongs)

ea = ‘a’

Mar shampla:
eas (waterfall), earcú (recruit), meas, leas (benefit), leasú (fertilisation), breabaireacht (bribing), cleas (trick)


io = ‘i’ nó ‘u’

  • Samplaí leis an bhfuaim ‘i’:
    fios, crios (belt), lios, ciontach (guilty), ciontú (convict)

  • Samplaí leis an bhfuaim ‘u’:
    iomarcach (superfluous), iomrascálaí (wrestler), iomaíoch (competitive)


Ao = ‘ee’ nó ‘ay’ ag braith ar an gcanúint (depending on dialect)

Mar shampla:
gaol (relative), saol, faraor (unfortunately), saor, maorga, saorga, maol (bald), caol

NB: i gCloich Cheann Fhaola i nGaeltacht Dhún na nGall, fuamnítear ‘ao’ mar ‘ú’


ei = ‘eh’

Mar shampla:
seinnteoir (player), feic, teip (fail), seisiún, leis


ai = ‘a’ nó ‘ah-i’

Mar shampla:
ait, faic (nothing), stailc, maith, caith, aimsir, caitheamh aimsire (hobby)


aoi = ‘ee’

Mar shampla:
aois, faoiseamh (relief), de Faoite/Mac Faoitigh (White), Aoidh (Hugh)


D’

Nuair a chuirtear briathar dár tús (beginning with) guta isteach san aimsir chaite, cuirtear d’ roimhe.
Déantar an rud céanna le cuid de na briathra dár tús f.

Nuair a tharlaíonn seo, ní fhuaimnítear an f.

Mar shampla:
d’fhéach, d’fhuascail, d’fhuaraigh, d’fháisc


ng

Nuair a chuirtear an urú ‘n’ roimh ‘g’, déantar an fuaim céanna is a bhíonn again i longsong an Bhéarla.

  • ag féachaint ar an ngrian
  • ag imeacht i bhfad ón ngairdín
  • ag caint faoin ngruagaire

D

‘D’ bog (soft) atá againn sa Ghaeilge, seachas eisceachtaí ar nós ‘raidió’.


T

‘T’ bog atá againn sa Ghaeilge, seachas eisceachtaí ar nós ‘tae’ agus ‘teilifís’.

Ach i gCúige Mumhan, úsáidtear an ‘t’ crua go minic.