08 Tréaniolraí + Lagiolraí
agus an t-alt sa Tuiseal Ginideach, agus Cathain ar Chóir Dúinn an Tuiseal Ginideach a Úsáid
(13/06/2025)
Cén fáth a n-úsáideann muid an tuiseal ginideach?
- Dhá ainmfhocal taobh le taobh (m.sh. ‘leabhar Shéamuis’)
- Ainm bhriathartha (‘ag scríobh tuairisce’)
- Suíomh (‘os comhair na mban’, ‘os cionn an tí’, ‘ar chúl na scoile’, ‘in aice na tine’ ach ‘in aice leis an tine’)
- Méid [amount] (‘Níl mórán airgid acu’, ‘tá a lán oideachais air’)
- Frásaí faoi leith (dála an scéil = by the way, de réir [an mhúinteora] = according to, ar nós [na gaoithe] = as/like, etc.)
Lagiolraí:
(a) Má chríochnaíonn an tuiseal ainmneach iolra ar chonsan caol, e.g. -in, -ir, -is:
- Ball – baill (member)
- Dualgas – dualgais (duty)
- Iarratas – iarratais (application)
- Teaghlach - teaghlaigh
nó
(b) Má chríochnaíonn an tuiseal ainmneach iolra le -a:
- Beart – bearta (parcel)
- Bileog – bileoga (leaflet)
- Dialann – dialanna (diary)
- Leabharlann – leabharlanna
Tréaniolraí:
Na hainmfhocail go léir eile nach bhfuil cosúil le (a) nó (b).
(20/06/2025)
Cleachtadh: Lagiolra nó tréaniolra?
| Focal | Iolra | Cineál |
|---|---|---|
| Sióg | sióga | Lagiolra |
| Feidhm | feidhmeanna | Tréaniolra |
| Cruinniú | cruinnithe | Tréaniolra |
| Ceardlann | ceardlanna | Lagiolra |
| Bád | báid | Lagiolra |
| Bláth | bláthanna | Tréaniolra |
| Ciste | cistí | Tréaniolra |
| Císte | cístí | Tréaniolra |
| Coiste | coistí | Tréaniolra |
| Cóiste | cóistí | Tréaniolra |
| Fuinneog | fuinneoga | Lagiolra |
| Amadán | amadáin | Lagiolra |
| Cailín | cailíní | Tréaniolra |
| Fear | fir | Lagiolra |
| Clog | cloig | Lagiolra |
| Uaireadóir | uaireadóirí | Tréaniolra |
| Saotharlann | saotharlanna | Lagiolra |
Inscne
Sa tuiseal ginideach:
-
Firinscneach: cuireann tú ‘an’ roimhe sa uimhir uatha
- Uirlisí an mheicneora (the tools of the mechanic)
- Foireann an bháid (the crew of the boat)
- Bainisteoir an chomhlachta (the manager of the company)
-
Baininscneach: cuireann tú ‘na’ roimhe
- Stair na tíre
- Rialacha na meánscoile
- Úinéir na hamharclainne (the owners of the theatre)
-
San uimhir iolra: bíonn ‘na’ i gcónaí roimhe, is cuma cén inscne:
- Imní na dtuismitheoirí (the worry of the parents)
- Scileanna na bpáistí
- Ar nós na mban (as the women do)
(27/06/2025)
Dhá Ainmfhocal taobh le taobh
Nuair a bhíonn an dara ainmfhocal againn a thugann níos mó eolais dúinn faoin gcéad ainmfhocal, cuirimid an dara ainmfhocal sa tuiseal ginideach.
- An teach atá ag Seán – teach Sheáin
- Bróga déanta as leathair – bróga leathar
- Múinteoir a mhúineann eolaíocht – múinteoir eolaíochta
Ainmneacha daoine sa Tuiseal Ginideach
Caolú agus Séimhiú
| Ainm | Sampla |
|---|---|
| Míchéal | post Mhíchíl |
| Seán | scéal Sheáin |
| Máire | seodra Mháire |
| Síle | comhlacht Shíle |
| Cormac | iasacht Chormaic |
| Fionn | cóta Fhinn |
| Deirdre | léine Dheirdre |
| Roisín | amhrán Róisín |
| Peadar | peata Pheadair |
| Rónán | caisleán Rónáin |
| Róise | dán Róise |
| Caoilte | teachtaireacht Chaoilte |
| Naoise | taithí Naoise |
Ainmneacha dár tús gutaí:
| Ainm | Sampla |
|---|---|
| Oisín | capall Oisín |
| Eoin | grá Eoin |
| Ailbhe | tionscadal Ailbhe |
| Aodán | úrscéal Aodáin |
| Iarla | intleacht Iarla |
Gnáth-ainmfhocail sa Tuiseal Ginideach Uatha
- Firinscneach = ‘an’
- Baininscneach = ‘na’
| Sampla | Sampla sa Ginideach |
|---|---|
| óir | óra |
| lann | lainne |
| Múinteoir | obair an mhúinteora |
| Ceoltóir | ceolchoirm an cheoltóra |
| Amharclann | cáil na hamharclainne |
| Bainisteoir | fearg an bhainisteora |
| Dánlann | áilleacht na dánlainne |
| Dialann | aois na dialainne |
| Feirmeoir | áthas an fheirmeora |
| Pictiúrlann | praghas na pictiúrlainne |
| Imreoir | scil an imreora |
(04/07/2025)
An chuid eile de na hainmfhocail atá firinscneach
-
Caolaítear go leor acu:
- An t-árasán – praghas an árasáin (the price of the apartment)
- Aibreán – mí Aibreáin (the month of April)
- An t-amhrán – teideal an amhráin (the title of the song)
-
Athraítear -ach go dtí -aigh agus -each go dtí -igh:
- An séiplíneach – obair an tséiplínigh (the work of the chaplain)
- An t-earrach – teacht an earraigh (the coming of spring)
- An tÉireannach – bród an Éireannaigh (the pride of the Irish person)
-
Athraítear -adh go dtí -aidh agus -eadh go dtí -idh
- An geimhreadh – fuacht an gheimhridh
- Cogadh – tar éis/i ndiaidh an chogaidh
- Ionradh – torthaí an ionraidh (the results of the invasion [from ‘torthaí’ meaning ‘fruit’])
-
Cuirtear -a le cuid de na hainmfhocail a bhfuil deireadh leathan acu
- Fíon – buidéal fíona
- Snámh – ranganna snámha
(ach: tá focail eile mar seo ar nós buíon (band), lámh, cnámh, ealaín baininscneach)
- Ní athraíonn deireadh ainmfhocal a chríochnaíonn ar -ín ná ar ghuta:
- An cailín – tuairim an chailín (the opinion of the girl)
- An bia – blas an bhia
- Siblín – ainm an tsiblín
NB: tagann ‘t’ roimh ‘s’ sa tuiseal ginideach uatha firinscneach, mar shampla le ‘siblín’.
Ach má deir tú ‘bun na sráide’, níl ‘t’ ann mar go bhfuil ‘sráid’ baininscneach.
Ainmfhocail atá baininscneach
Cuirtear -e le hainmfhocail áirithe a chríochnaíonn ar chonsan caol:
- An eaglais – cumhacht na hEaglaise (the power of the Church)
- An tseachtain – ceacht na seachtaine
- Scéim - Sprioc na scéime (the aim/goal of the scheme)
Nuair a chríochnaíonn ainmfhocal le -óg nó -eog, caolaítear é agus cuirtear -e leis:
- An fhuinneog – tríd na fuinneoige
- An spúnóg – in aice na spúnóige
- An mhíoltóg – cuma na míoltóige (the look of the midge)
Athraíonn -ach go dtí -aí agus -each go dtí í:
- An bhaintreach – brón na baintrí (widow)
- An ghealach – dath na gealaí
- An ghramadach – rialacha gramadaí
Cuirtear -a le hainmfhocail a bhfuil níos mó ná siolla amháin iontu agus a chríochnaíonn ar -acht , -eacht, aíocht, íocht:
- An ghluaiseacht – baill na gluaiseachta (the members of the movement)
- An bhainistíocht – i mbun bainistíochta (engaging in the action of management)
- An íocaíocht – ag lorg na híocaíochta
(Tá acht, ceacht, céacht, bunreacht agus comhlacht firinscneach.
Cuirtear -a leo sa tuiseal ginideach freisin agus cuirtear an t-alt ‘an’ rompu mar go bhfuil siad firinscneach).
Leathnaítear an consan deiridh i gcás cuid de na hainmfhocail atá baininscneach a bhfuil siolla amháin iontu agus cuirtear -ach leo:
- Cáin – foirmeacha cánach (tax forms)
- Beoir – pionta beorach
- Traein – stáisiún traenach
Cuirtear an deireadh -rach nó -reach le cuid de na hainmfhocail:
- Litir – clúdach litreach (envelope)
- Eochair – ag cuardach na heochrach
- Treoir – ag iarraidh treorach (wanting directions)
- Uimhir – ag léamh uimhreach
- Teamhair – Cnoc na Teamhrach (Hill of Tara)
Cuid de na hainmfhocail a chríochnaíonn ar ghuta, ní athraítear iad:
- An trá – Bóthar na Trá (Salthill)
- An íomhá - ag forbairt na híomhá (developing the image)
Uaireanta cuirtear -n le hainmfhocail a chríochnaíonn ar ghuta:
- An chomharsa – teach na comharsan
- An mhonarcha – geata na monarchan (the gate of the factory)
Ag labhairt faoi Thréimhsí Ama
Ar feadh
Is féidir ‘ar feadh’ a úsáid chun caint faoi thréimhse ama atá thart (aimsir chaite) nó chun tagairt don am atá le teacht (aimsir fháistineach)
- Bhí mé ag déanamh taighde (researching) ar an téama sin ar feadh seachtaine.
- Bhí mé i Meiriceá ar feadh coicíse (‘coicís’ sa t.g.).
- Bhí mé ag obair leis ar feadh bliana (‘bliain’ sa t.g.).
- Beidh mé ar laethanta saoire ar feadh míosa (‘mí’ sa t.g.).
- Ní bheidh mé ag freagairt mo chuid ríomhphoist ar feadh an lae (‘lá’ sa t.g.).
Faoi cheann / i gceann
Úsáidtear iad seo nuair a bhítear ag tagairt do rud éigin a thitfidh amach i ndeireadh tréimhse ama ón am i láthair go dtí am éigin cinnte sa todhchaí (something that will happen at the end of a period from now up to a definite time in the future).
- Feicfidh mé í i gceann cúpla lá.
- Beidh mé anseo faoi cheann seachtaine.
- Beidh an leanbh anseo faoi cheann ráithe. (The baby will be here/have been born in 3 months).
(11/07/2025)
An Tuiseal Ginideach san Uimhir Iolra
Súil siar:
Lagiolra = (a) má chríochnaíonn an tuiseal ainmneach iolra ar chonsan caol (bád, iarratas, broc, srl) nó (b) má chuirtear -a leis an tuiseal ainmneach uatha chun an tuiseal ainmneach iolra a chruthú (fuinneog, amharclann, beart)
Bíonn an fhoirm chéanna ag an tuiseal ginideach iolra agus an tuiseal ainmneach uatha i gcás ainmfhocail a bhfuil lagiolra acu.
- An ball = the member Líon na mball = the number of members
- Dualgas = duty Ualach na ndualgas = the weight of the duties
- Cléireach = Cleric/Clerk Obair na gcléireach = the work of the clerics/clerks
Ach bíonn an fhoirm chéanna i gceist i ngach tuiseal san uimhir iolra i gcás ainmfhocail a bhfuil tréaniolra acu.
- Dlíthe = laws De réir na ndlíthe = according to the laws
- Tuarascálacha = reports Ag léamh na dtuarascálacha = reading the reports
- Tíortha = countries Geilleagar na dtíortha sin = the economy of those countries
Urú
Bíonn urú ar an ainmfhocal nuair a thagann an t-alt na roimhe:
- Na bileoga = ag seoladh na mbileog (sending the leaflets)
- Na hinstitiúidí = baill na n-institiúidí (the members of the institutes)
- Na tuarascálacha = ag foilsiú na dtuarascálacha (publishing the reports)
Nuair a chuirtear h roimh ainmfhocal dár tús guta sa tuiseal ainmneach iolra, athraítear an h go n sa tuiseal ginideach iolra agus cuirtear fleiscín isteach:
- Na hairteagail = ag dréachtú na n-airteagal (drafting the articles)
- Na hiriseoirí = ionadaí na n-iriseoirí (the representative for the journalists)
Ach nuair a uraítear guta ar cheannlitir (capital letter) é ní scríobhtar fleiscín:
- Na hIodálaigh = ionadaithe na nIodálach
- Na hAstrálaigh = obair na nAstrálach
Cleachtadh:
| Sing. | Plur. (Tuiseal Ainmneach) | Plur. (Tuiseal Ginideach) |
|---|---|---|
| An uimhir | na huimhreacha | na n-uimhreacha |
| An t-iarratas | na hiarratais | n-iarratas |
| An bád | na báid | na mbád |
| An dán | na dánta | na ndánta |
| An sliabh | na sléibhte | An tsléibhe |
| An scríbhneoir | na scríbhneoirí | An scríbhneora |
| An cailín | na cailíní | An chailín |
| An fear | na fir | An fhir |
| An cháilíocht | na cáilíochtaí | Na cáilíochta |
| An scéim | na scéimeanna | Na scéime |
If you want me to adjust formatting or provide a more concise summary, just ask!