Skip to main content

09 Ag Déanamh Comparáidí

(Breischéim agus Sárchéim na hAidiachta)
(18/07/2025)

Na samplaí is coitianta:

PositivesComparativesSuperlatives
BeagNíos lú (smaller)Is lú (smallest)
MórNíos móIs mó
MaithNíos fearrIs fearr
OlcNíos measaIs measa

Is minic a chaolaítear iad:

AdjectiveComparativeSuperlative
Fuarníos fuaireis fuaire
Seanníos sineis sine
Ógníos óigeis óige
Bog (soft)boige(crua = hard stays same)
Gaofarníos gaofaireis gaofaire
Fliuchníos flicheis fliche

Mothúcháin (Emotions)

AdjectiveComparativeSuperlative
Sástafanann sé mar an gcéanna
Brónachníos brónaíis brónaí
Feargachníos feargaíis feargaí
Uaigneachníos uaigníis uaigní
Tuirseachníos tuirsíis tuirsí

Aidiachtaí a bhfuil deireadh ‘ach’ nó ‘each’ orthu

  • Costasach (Expensive):
    “Tá an mála seo costasach ach tá an mála sin níos costasaí. Fan nóiméad! Seo an mála is costasaí.”

  • Iomráiteach (Well-known/famous):
    “Is file iomráiteach é Paul Durcan. Sin ráite (That being said), is file níos iomráití é Séamus Heaney, ach is é W.B. Yeats an file is iomráití ar fad (out of all of them).”

  • Cruthaitheach (Creative):
    “Tá Síle cruthaitheach ach tá Seán níos cruthaithí. Bhuel, is í Mairéad an duine is cruthaithí ar fad.”


Aidiachtaí a bhfuil an deireadh ‘úil’ orthu

Athraítear úil go dtí úla:

AdjectiveComparativeSuperlative
Sláintiúilníos sláintiúlais sláintiúla
Suimiúilníos suimiúlais suimiúla
Acadúilníos acadúlais acadúla
  • Cáiliúil (Famous):
    “Tá an t-aisteoir sin cáiliúil ach tá Margot Robbie níos cáiliúla Mar sin féin (Being that as it may), deirtear gurbh é Marlon Brando an t-aisteoir is cáiliúla i stair na scannánaíochta.”

  • Fuinniúil (Energetic):
    “Tá mo mhadra fuinniúil ach tá madra Bhríd níos fuinniúla. Ach caithfidh mé a rá (I have to say) gurbh é madra Phádraig an ceann is fuinniúla dá bhfaca mé ariamh (that ever I saw).”

  • Scanrúil (Scary):
    “Tá an scannán uafáis (horror film) seo scanrúil ach tá an scéinséir (thriller) a rinne an stiúrthóir (director) Iodálach sin níos scanrúla. Le bheith ionraic leat (To be honest with you), is é sin an scannán is scanrúla a rinneadh i dteanga na hIodáilise.”


Focail a bhfuil ‘ánta’ nó ‘eanta’ mar dheireadh orthu

Ní athraíonn siad:

AdjectiveComparativeSuperlative
Tiomántaníos tiomántais tiománta
Slítheantaníos slítheantais slítheanta
Bómántaníos bómántais bómánta

Bómán = amadán (fool), óinseach (woman)
Liúdramán = lazy layabout


Tuilleadh rialacha maidir le Breischéim agus Sárchéim na hAidiachta

(25/07/2025)


Ní athraíonn focail a chríochnaíonn ar ghuta:

  • Buí – níos buí, is buí
  • Sásta – níos sásta, is sásta
  • Maorga (dignified, imposing) – níos maorga, is maorga

Eisceachtaí:

  • Breá – níos breatha, is breatha
  • Fada – níos faide, is faide
  • Te – níos teo, is teo
  • Nua – níos nuaí, is nuaí

Caolaítear aidiachtaí a chríochnaíonn ar chonsan leathan agus cuirtear -e leo:

  • Daor – níos daoire, is daoire
  • Bán – níos báine, is báine
  • Fuar – níos fuaire, is fuaire

Cuirtear -e le haidiachtaí a chríochnaíonn ar chonsan caol:

  • Ciúin – níos ciúine, is ciúine
  • Ionraic – níos ionraice, is ionraice (honest)
  • Tinn – níos tinne, is tinne

Athraíonn -air go dtí -ra, -aíoch go dtí -aíche agus -íoch go dtí -íche:

  • Deacair – níos deacra, is deacra
  • Iomaíoch – níos iomaíche, is iomaíche (competitive)
  • Imníoch – níos imníche, is imníche (anxious, concerned)

Aidiachtaí Neamhrailta

AdjectiveComparativeSuperlative
Álainnníos áilleis áille
Dianníos déineis déine
Furasta (=éasca)níos fusais fusa
Gearrníos giorrais giorra
Leathanníos leithneis leithne
Ramharníos raimhreis raimhre (fat)
Saibhirníos saibhreis saibhre
Tapaníos tapúlais tapúla
Tréanníos treiseis treise (strong)

Cleachtadh:

  • Éirimiúil (intelligent, talented):
    “Tá Eoin éirimiúil agus tá Áine níos éirimiúla fós (even more intelligent), ach le bheith fírinneach (truthful), is í Caitríona an duine is éirimiúla.”

  • Tirim (dry):
    “Tá Maracó tirim ach tá an Liobáin (Lebanon) níos tirime. Is dócha gurbh an Éigipt an tír is tirime.”

  • Fliuch:
    “Tá Sasana fliuch ach tá Albain níos fliche. Caithfidh sé gurbh í Éire an áit is fliche ar domhan.”

  • Saor:
    “Tá an teach sin saor ach tá an teach seo níos saoire. An rogha (option/choice) is saoire atá againn ná an t-árasán.”

  • Corcra:
    “Tá do ghúna corcra. Ach tá an bláth seo níos corcra. Is é an crócas (crocus) an rud is corcra anseo.”

  • Dubh:
    “Tá an péint seo dubh. Tá an súiche (soot) níos duibhe. Is í an oíche an rud is duibhe ar fad.”

  • Socair (tranquil):
    “Tá mo leanbh socair faoi láthair. Tá a dheartháir níos socra. Caithfidh mé a rá gurbh é do mhac Mícheál an páiste is socra ariamh!”

  • Fada:
    “Tá an scannán ET fada. Tá Conclave níos faide. Is é Oppenheimer an scannán is faide.”

  • Gearr:
    “Tá Gladiator gearr. Tá The Wind that Shakes the Barley níos giorra ach Casablanca an scannán is giorra díobh.”

  • Dúshlánach (challenging):
    “Tá an topaic seo dúshlánach ach a thiarcais, beidh an rang amárach níos dúshlánaí! Le cuidiú Dé, is é an rang amárach an rang is dúshlánaí a bheidh againn i mbliana!”

  • Cuimsitheach (comprehensive):
    “Tá an plean cuimsitheach againn don fhorbairt, ach meas tú (do you think) an féidir leis a bheith níos cuimsithí? Dár liom féin (In my [own] opinion) is é an plean is cuimsithí a rinne muid go dtí seo (until now).”

  • Iomaíoch (competitive):
    “Tá m’iníon fíor-iomaíoch (very competitive) ach tá mac Mhíchíl níos iomaíche. Agus dá bhfeicfeá deirfiúr an leaid sin, bhuel is í an duine is iomaíche dár casadh orm ariamh!”


Aimsir Chaite

AdjectiveComparativeMeaning
Ógníos óige
Ní b’óigeYounger, if speaking about past
Fadaníos faide
Ní b’fhaidewas/were longer
Seanníos sine
Ní ba shinewas/were older
Mórníos mó
Ní ba mhówas/were bigger
Costasachníos costasaí
Ní ba chostasaíwas/were more expensive
Maithníos fearr
Ní b’fhearrwas/were better
Álainnníos áille
Ní b’áillewas/were more beautiful