02 An Aidiacht Shealbhach
04/04/2025
Is féidir na consain a urú mar a leanas:
- mb
- gc
- nd
- bhf
- ng
- ní uraítear ‘h’
- bp
- ní uraítear ‘s’ ach séimhítear é
- dt
(Is litreacha ó aibítear an Bhéarla iad na litreacha eile)
Na rialacha do chonsain (seachas ‘f’):
| Prefix + séimhiú | Sampla |
|---|---|
| Mo + séimhiú | mo chroí |
| Do + séimhiú | do chroí |
| A + séimhiú (firinscneach) | a chroí |
| A (baininscneach) | a croí |
| Ár + urú | ár gcroí |
| Bhur + urú | bhur gcroí |
| A + urú | a gcroí |
Tá 3 chonsan nach séimhíonn muid: L, n, r
Mar shampla: mo liathróid, a nead, do rothair.
Na rialacha do ghutaí:
| Prefix + séimhiú | Sampla |
|---|---|
| M’ | m’ athair |
| D’ | d’ athair |
| A (firinscneach) | a athair |
| A + h (baininscneach) | a hathair |
| Ár + n- | ár n-athair |
| Bhur + n- | bhur n-athair |
| A + n- | a n-athair |
An aidiacht shealbhach roimh ‘f’ + guta
| Prefix + séimhiú | Sampla |
|---|---|
| M’ | m’ fhéasóg |
| D’ | d’ fhéasóg |
| A + séimhiú (firinscneach) | a fhéasóg |
| A (baininscneach) | a féasóg |
| Ár + bh | ár bhféasóg |
| Bhur + bh | bhur bhféasóg |
| A + bh | a bhféasóg |
An aidiacht shealbhach roimh ‘f’ + consan
| Prefix + séimhiú | Sampla |
|---|---|
| Mo + séimhiú | mo fhleasc |
| Do + séimhiú | do fhleasc |
| A + séimhiú (firinscneach) | a fhleasc |
| A (baininscneach) | a fleasc |
| Ár + bh | ár bhfleasc |
| Bhur + bh | bhur bhfleasc |
| A + bh | a bhfleasc |
Tá frásaí ina n-úsáidtear an aidiacht shealbhach, mar shampla:
- Tá mé i mo sheasamh.
- Tá tú i do shuí ar do chompord ansin (sitting comfortably).
- Tá siad ina gcodladh.
- Tá an babaí ar a shuaimhneas faoi láthair.
Cleachtadh:
- Tugann mé mo mhála (mála) chuig an obair.
- Ba mhaith leo a n-airgead (airgead) a fháil ar ais.
- Tá Pádraig ag iarraidh do ghnó (gnó) a cheannach.
- Fuair muid ár gcarr (carr) nua inné.
- Tiocfaidh a (bain.) fliúit (fliúit) sa phost amárach.
- Bígí in bhur seasamh (seasamh) nuair a thosaíonn muid ag guí (praying).
- Ar aimsigh sibh bhur n-eochracha (eochracha) fós?
- Ar chuir sé a choinne (coinne) ar ceal? (Did he cancel his date?)
- An bhfuil na seandaoine ag bailiú a bpinsean (pinsean) inniu?
- An bhfuil an leanbh ar a shuaimhneas (suaimhneas) sa deireadh thiar thall?!