Skip to main content

04 Na hUimhreacha

(17/04/2025)

Tá 4 chineál uimhreacha sa Ghaeilge:

  • Maoluimhreacha
  • Bunuimhreacha
  • Uimhreacha pearsanta
  • Orduimhreacha

Maoluimhreacha

Seo mar a bhíonn na huimhreacha nuair nach mbíonn ainmfhocail ina ndiaidh:

UimhirGaeilge
0Náid / Neamhní
1a haon
2a dó
3a trí
4a ceathrair
5a cúig
6a sé
7a seacht
8a hocht
9a naoi
10a deich
11a haon déag
12a dó dhéag
13a trí déag
14a ceathair déag
15a cúig déag
16a sé déag
17a seacht déag
18a hocht déag
19a naoi déag
20fiche
21fiche a haon
22fiche a dó
33tríocha a trí
44daichead a ceathair
55caoga a cúig
66seasca a sé
77seachtó a seacht
88ochtó a hocht
99nócha a naoi
100céad (cead = permission!)

Bunuimhreacha

  • (Aon) rud amháin

  • Dhá chathaoir (‘two chair’)

  • Trí chathair (‘three city’)

  • Ceithre fhéileacán (‘four butterfly’)

  • Cúig theach

  • Sé bhosca

  • Seacht mbriosca

  • Ocht n-ionad

  • Naoi gcarr

  • Deich bpictiúr

  • Aon pheann déag

  • Dhá scoil déag

  • Trí mhallacht déag (‘thirteen curse’)

  • Ceithre bhus déag

  • Cúig chóipleabhar déag

  • Sé fhiacal déag

  • Seacht bpiseog déag (‘seventeen superstition’)

  • Ocht n-ospidéal déag

  • Naoi dtiománaí déag

  • Fiche traein


Uimhreacha Pearsanta

  • Duine amháin
  • Beirt
  • Triúr
  • Ceathrar
  • Cúigear
  • Seisear
  • Seachtar
  • Ochtar
  • Naonúr
  • Deichniúr

Ón uimhir 11 ar aghaidh, úsáidtear an córas céanna le daoine a chuntas is a n-úsáidtear le rudaí a chomhaireamh.
(From number 11 onwards, the same system is used to count people as to count things)

  • Aon bhainisteoir déag
  • Dhá chigire dhéag (twelve inspector)
    (séimhítear an ‘déag’ a thagann tar éis ainmfhocal a chríochnaíonn le guta – One lenites the ‘déag’ which comes after a noun ending with a vowel)
  • Trí dhuine dhéag
  • Ceithre pholaiteoir déag
  • Cúig pháiste dhéag
  • Sé mhúinteoir déag
  • Seacht n-oibrí dhéag (worker)
  • Ocht bpríomhoide dhéag
  • Naoi gcomrádaí dhéag (comrade)
  • Fiche feighlí leanaí (baby sitter)

Na hOrduimhreacha

Roimh ghutaí:

  • An chéad alt
  • An dara háit
  • An tríú hordú
  • An ceathrú halt
  • An cúigiú hagallamh
  • An séú háit
  • An seachtú hÉireannach
  • An t-ochtú huair (time)
  • An naoú hamhrán
  • An deichiú hamhránaí (singer)

Roimh chonsain:

  • An chéad bhliain
  • An dara bliain
  • An tríú bliain
  • An ceathrú fear
  • An cúigiú bliain
  • An séú cúrsa
  • An seachtú coláiste
  • An t-ochtú mí
  • An naoú bliain
  • An deichiú file (poet)

Roimh d, s agus t

(ní thagann athruithe (changes) ar bith ar na hainmfhocail):

  • An chéad duine
  • An dara teach
  • An tríú seans
  • An ceathrú seomra
  • An cúigiú deoch
  • An séú taoiseach
  • An seachtú tiontú (turn)
  • An t-ochtú seachtain
  • An naoú teach
  • An deichiú teachta (messenger, envoy, representative)