06 Baininscneach agus Firinscneach
Tá an chuid is mó de na hainmfhocail sa Ghaeilge firinscneach, go háirithe iad siúd a chríochnaíonn le guta leathan (a, o, u).
Tá grúpaí faoi leith atá baininscneach áfach (however):
Ainmneacha tíortha:
- Éire
- an Astráil
- an Ghearmáin
- an Bhreatain Bheag
- an Fhrainc
- srl
Eisceachtaí:
- Sasana
- Meiriceá
- Ceanada
- Meicsiceo
Focail a bhfuil an deireadh ‘óg’ orthu:
- Bábóg (doll)
- Eiteog (wing)
- Ciaróg (beetle)
- Sióg (fairy)
- Camóg (comma)
Focail a bhfuil an deireadh ‘acht’ nó ‘ocht’ acu agus a bhfuil níos mó ná siolla amháin iontu:
- Beannacht (blessing/greeting)
- Cruithneacht (wheat)
- Intleacht (intellect)
- Iomaíocht (competition, rivalry)
- Marcaíocht (riding)
- Scríbhneoireacht (writing)
Eisceacht:
- bunreacht
- comhlacht
Bunreacht = constitution
Comhlacht = company
Firinscneach: focail a bhfuil an deireadh ‘acht’ nó ‘ocht’ acu agus a bhfuil siolla amháin acu, m.sh. ceacht, sliocht
- Ceacht = lesson
- Sliocht = excerpt
Focail a bhfuil an deireadh le guta caol acu (i nó e):
- Iris (magazine)
- dísle (dice)
- cathaoir
- cathair
- scilling (shilling)
Eisceacht: focail le ‘ín’ ag an deireadh, m.sh.
- cailín
- caipín (cap)
- siblín
Tá gairmeacha beatha firinscneach sa Ghaeilge:
- múinteoir
- feirmeoir
- dochtúir
Ag rá “the” as Gaeilge (‘an’)
| Gender | Usage description | Examples |
|---|---|---|
| Firinscneach | Ní bhíonn séimhiú i ndiaidh an chonsain ach bíonn urú roimh an ghuta | An múinteoir. An t-uachtarán |
| Baininscneach | Bíonn séimhiú i ndiaidh an chonsain ach ní bhíonn urú roimh an ghuta | An mháthair. An uirlis (tool, instrument) |
Eisceacht: focail a dtosaíonn le ‘s’
- Firinscneach: ní bhíonn ‘t’ roimh an fhocail
- An seanadóir (senator)
- Baininscneach: bíonn ‘t’ roimhe
- An tsráid