Skip to main content

01 Ceisteanna agus Freagraí

Aela 28ú Márta 2025

Nuair a chuireann muid ceisteanna as Gaeilge, is minic go n-úsáidtear an briathar a bhí sa cheist chun freagra a thabhairt, seachas sea/ní hea/tá/níl.

Ceist

Ar ith tú do bhricfeatsa a Dhónaill?

Freagra

D’ith / Níor ith.


An ndeachaigh tú ar shiúlóid a Mháire?
Chuaigh. / Ní dheachigh.

Ar chuala tú an nuacht?
Chuala / Níor chuala.

(Ní féidir ‘sea’ nó ‘níl’ a rá má chuirtear an cheist le briathar).

Má chuirtear an cheist le briathar, freagair í le briathar.


Tá / Níl

Tá cásanna ann ina n-úsáideann muid ‘tá’ agus ‘níl’.

An bhfuil an aimsir go maith inniu?
Tá.

An bhfuil tú fuar anois?
Níl.

An bhfuil do mháthair sa bhaile faoi láthair (at the moment)?
Tá.

Nuair a thosaíonn an cheist le ‘An bhfuil’, freagraíonn tú le ‘Tá’ nó ‘Níl’.


An Chopail ‘Is’

(Sea / Ní hea / Is é / Ní hé / Is í / Ní hí, srl.)
(srl. = etc.)

Tá réimse leathan (wide range) de cheisteanna ar féidir a chur leis an gcopail ‘is’.

Sea / Ní hea

An eolaí é? (Is he a scientist)
Sea. (Is ea)

An in Éirinn a rugadh tú?
Ní hea.

An múinteoir í? (Is she a teacher?)
Sea.

Is é / Ní hé

An éisean an t-eolaí? (Is he [specifically] the scientist?)
Is é.

An tusa a dúirt sin? (Was it you [specifically] who said that?)
Ní mé.

An í an múinteoir? (Is she the teacher?)
Is í.


Cleachtadh

  • An ólann tú tae ar maidin? Ólaim / Ólann / Ní ólaim / Ní ólann.
  • An í Neasa a chonaic sin? Is í / Ní hí.
  • An dochtúir é Pádraig? Sea / Ní hea.
  • An duine gruama (grumpy) é? Sea / Ní hea.
  • An bhfuil an aimsir go maith inniu? Tá / Níl.
  • An scríobhann sé ina dhialann (diary) go rialta (regularly)? Scríobhann / Ní scríobhann.
  • An seolann sí ríomhphoist chugaibh gach lá? Seolann / Ní sheolann.
  • An bhfuil tú ceart go leor? Tá / Níl.
  • An í a dhéanann amach an clár ama? Is í / Ní hí.
  • An é an peileadóir (footballer)? Is é / Ní hé.