An Modh Ordaitheach
2025-10-10 Bríd Ní Fhearghaile
Cad atá ann?
‘The imperative mood’ – as Béarla.
Úsáidtear an modh ordaitheach chun ordú a thabhairt do dhuine amháin nó grúpa.
Samplaí:
- ag míniú na rialacha a bhaineann le cluiche
- comharthaí i spásanna poiblí
- na treoracha a bhaineann le hoideas
- fógraí ar iompar poiblí
- agus araile
Na Réimnithe
Déantar dhá réimniú de na briathra sa Ghaeilge.
An chéad réimniú
Briathra aonsiollacha mar:
bris, ól, mol, suigh
agus briathra ilsiollacha a chríochnaíonn ar:
–áil agus –áin (m.sh. sábháil, taispeáin).
Cuirtear:
- –igí nó –aigí le fréamh na mbriathra.
- Leathnaítear an l i marcáil agus an n i taispeáin agus cuirtear –aigí leis an bhfréamh.
Briathra mar dóigh agus téigh:
- Cailltear an –igh
- Cuirtear –igí leis an gcuid eile den fhréamh
Briathra mar nigh agus suigh:
- Cailltear an –igh
- Cuirtear –ígí leis an gcuid eile den fhréamh
An dara réimniú
Le briathra ilsiollacha a chríochnaíonn ar –igh:
- faightear réidh leis an –igh
- cuirtear –ígí ina áit
Le briathra ilsiollacha a chríochnaíonn ar –(a)il, –(a)in, –(a)ir, –(a)is:
- cuirtear –(a)ígí leis an bhfréamh
An fhoirm dhiúltach
Cuirtear ná roimh an mbriathar.
- Cuirtear h roimh ghuta a leanann ná
- Ní bhíonn aon athrú i gcás briathra dar tús consan
Samplaí:
- Ná bris é!
- Ná habair liom go bhfuil sé ar ais.
- Ná himrígí peil ar an bpríomhbhóthar.
Cleachtadh
-
Keep your (iolra) cards a secret.
→ Coimeádaigí bhúr gcártaí faoi rún / go rúnda. -
Don’t forget (uatha) to call me.
→ Ná déan dearmad glaoch a chur orm. -
Ask (iolra) Deirdre to help you.
→ Cuirigí ceist / Iarraigí ar Dheirdre cabhrú libh. -
Áine, get one for me.
→ A Áine, faigh ceann domsa. -
Children, write (iolra) that essay now.
→ A pháistí / a leanaí, scríobhaigí an aiste sin anois. -
Be careful (uatha), maybe he is a cheater.
→ Bí cúramach, b’fhéidir gur caimiléir é. -
Don’t lose (iolra) that money.
→ Ná cailligí an t-airgead sin. -
Tell me (uatha) what happened.
→ Inis dom cad a tharla. -
Plant (uatha) your beans in your field.
→ Cuir / plandaigh do chuid pónairí i do pháirc. -
Count (iolra) how much money you have.
→ Comhairigí cé mhéad airgid atá agaibh. -
Make sure (iolra) you have all of your belongings.
→ Déanaigí cinnte go bhfuil do chuid earraí agaibh.
Nathanna coitianta a úsáideann an modh ordaitheach
- Bígí linn!
- Suigh síos agus lig do scíth.
- Ná déan nós agus ná bris nós.
- Ná caith tabac.
- Seachain an bhearna le do thoil.
- Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar … 🥶
- Ná bí caifeach agus ní bheidh tú gann.
- Mol an óige agus tiocfaidh sí.
Plé
1. Conas cupán tae / caifé foirfe a dhéanamh
(Ag caint le duine amháin)
→ Líon / beirigh / tóg / doirt …
2. Conas a théann tú ó Choláiste na Tríonóide go dtí an Dáil, ag tosnú ag an doras tosaigh
(Ag caint le grúpa)
→ Téigí / casaigí / siúlaigí / trasnaígí …
3. Conas deireadh seachtaine maith a chaitheamh i mBaile Átha Cliath
(Ag caint le duine amháin)
→ Téigh / féach / freastail ar / ól / ith / déan …