An Chopail (2)
2025-10-03 Bríd Ní Fhearghaile
An tseachtain seo caite …
An chopail san aimsir láithreach
- Dearfach: Is
- Diúltach: Ní
- Ceisteach: An
- Ceisteach diúltach: Nach
An tseachtain seo …
Gur agus gurb – an fhoirm spleách
An difríocht idir:
- Is sabaitéir mise.
- Ach, ceapaim gur sabaitéir í Bríd. (I think that …)
Úsáidtear gur roimh:
- Consain: Ceapaim gur múinteoir maith é. / Ceapaim gur deas an fear é.
- Ainmfhocal dar tús guta: Deir sí gur Astrálach é.
- Réamhfhocail: Ceapaim gur ag an oifig a bhíonn sé.
- Forainmneacha réamhfhoclacha: Measaim gur aicise a bheidh an bua.
Cleachtadh (gur)
-
I think that’s a good plan.
→ Ceapaim gur plean maith é sin. -
He says that they are Irish.
→ Deir sé gur Éireannaigh iad. -
Her mother thinks she is a lazy person.
→ Ceapann a máthair gur duine leisciúil í. -
I think it belongs to Seán.
→ Ceapaim gur le Seán é. -
I didn’t know that you (pl.) are singers.
→ Ní raibh a fhios agam gur amhránaithe sibh (se).
Gurb
Úsáidtear gurb roimh:
- Aidiachtaí dar tús guta: Ceapaim gurb álainn an bhean í.
- Forainmneacha (é, í, iad, eisean, ise, iadsan): Deir sí gurb é an duine is fearr sa rang é.
- Dobhriathra dar tús guta: Deirtear gurb annamh a thagann sé.
Cleachtadh (gurb)
-
I think that he is the worst footballer.
→ Ceapaim gurb é/eisean an peileadóir is measa. -
I hear that she is an artistic girl.
→ Cloisim gurb ealaíonta an cailín í. -
I think that it’s she who made the mistake.
→ Ceapaim gurb í/ise a rinne an botún.
An chopail san aimsir chaite agus sa mhodh coinníollach
- Séimhítear túschonsain tar éis na foirmeacha éagsúla seo.
Cuir na habairtí seo san aimsir chaite:
- Is duine aclaí é. → Ba dhuine aclaí é.
- An máthair mhaith í? → Ar mháthair mhaith í?
- Ní cúntóir é Liam. → Níor chúntóir é Liam.
- Nach mac léinn anseo é? → Nár mhac léinn anseo é?
- Chuala mé gur drochdhuine é. → Chuala mé gur dhrochdhuine é.
Focail dar tús gutaí agus f + guta
- B’iontach an scannán é.
- Níorbh aithair rómhaith é.
- Arbh eisean an duine ab óige?
- Nárbh ise an duine a rinne an obair?
- Mheas mé i gcónaí gurbh eolaí é.
- Níorbh fhéidir leo teacht.
- Arbh fhearr leat pionta?
Eisceacht
Úsáidtear ba seachas b’ roimh ghutaí sna cásanna seo:
- Forainmneacha pearsanta: Ba í Síle an duine ab óige.
- Réamhfhocail: Ba as an gCabhán é.
- Forainmneacha réamhfhoclacha: Ba ortsa a bhí an t-ádh.
- Dobhriathra: Ba inné a chonaic mé í.
Cleachtadh – aimsir chaite
-
Chuala mé gurb í Síle atá ceaptha mar bhainisteoir.
→ Chuala mé gurbh í Síle a bhí ceaptha mar bhainisteoir. -
Dúirt Dónal gur fear cairdiúil é an príomhoide.
→ Dúirt