An Chopail (1)
2025-09-26 Bríd Ní Fhearghaile – 26/09/2025
Cad atá ann?
- The copula – as Béarla.
- Cosúil leis an mbriathar ‘to be’ in English.
- Nuair a fheiceann tú ‘is’ seachas ‘tá’, is é an chopail atá ann.
- Déanann sé nasc idir dhá ainmfhocal.
- Ainmfhocal = ainmfhocal eile
Samplaí ón rang
- I am a gold miner. → Is mianadóir óir mé.
- I am not a saboteur. → Ní sabaitéir / drochdhuine mé.
- Are you a saboteur? → An sabaitéir / drochdhuine tú?
Pointe tábhachtach …
Úsáidtear é, í, iad in áit sé, sí, siad leis an gcopail.
- Is múinteoir mé / mise.
- Is múinteoir tú / tusa.
- Is múinteoir é / eisean.
- Is múinteoir í / ise.
- Is múinteoirí sinn / muid.
- Is múinteoirí sibh.
- Is múinteoirí iad / iadsan.
Conas ceist a chumadh agus a fhreagairt …
Ceist: An í Nuala an múinteoir?
Freagra: Is í. / Ní hí.
Ceist: Nach iad sin na fir a tháinig ar maidin?
Freagra: Is iad. / Ní hiad.
Ceist: An meicneoir é Tomás?
Freagra: Is ea (sea). / Ní hea.
Ceist: Nach deas an lá é?
Freagra: Is deas. / Ní deas.
Cleachtadh
Cad é seo?
- Is teach é.
- Cén saghas teach é? → (Bungaló / teach dhá stór / teachín)
- Is teach dhá stór é.
Cad é seo?
- Is madra / gadhar é.
- Cén saghas madra é? → Is madra mór láidir é. / Is aimseadóir buí é.
An tíogar é seo?
- Ní hea, is leon é.
Nach é seo an Túr Eiffel?
- Ní hé, is í sin Dealbh na Saoirse.
An leabharlann í seo?
- Is ea (sea), is leabharlann í.
Nathanna coitianta leis an gcopail
- It’s mine. → Is liomsa é / í.
- It is a major problem. → Is fadhb mhór é.
- It’s such a pity. → Is mór an trua é.
- It’s worth it. → Is fiú é.
- I prefer… → Is fearr liom …
⚠️ Pointe rí-thábhachtach!!!
Ná habair:
- ❌ Tá sí múinteoir
- ❌ Tá sé fadhb
Abair:
- ✅ Tá sí ina múinteoir / Múinteoir atá inti
- ✅ Tá sé ina shabaitéir / Sabaitéir atá ann
Achoimre
- Is féidir leat ‘tá’ a úsáid nuair atá neamhbhuaine i gceist.
- m.sh. do shlí bheatha, mothúcháin, srl.
- Úsáidtear an struchtúr ‘tá’ níos mó i gCúige Uladh.
Cleachtadh – Cuir Gaeilge orthu seo
-
Is Deirdre the oldest girl in the family?
→ An í Deirdre an cailín is sine sa chlann? -
Isn’t Siobhán a doctor?
→ Nach dochtúir í Siobhán? -
Is Daniel O’Donnell a good singer?
→ An amhránaí maith é Daniel O’Donnell? -
Are you a suspicious person?
→ An duine amhrasach tú? -
We are not a good team.
→ Ní foireann mhaith sinn. -
They are Gaelic footballers.
→ Is peileadóirí Gaelacha iad. -
She is the secretary.
→ Is í an rúnaí í. -
Are these yours?
→ An leatsa iad seo? -
Is that your sister who was disappointed with you?
→ An í sin do dheirfiúr a bhí díomách leat? -
Aren’t you Máire’s daughter?
→ Nach tusa iníon Mháire? -
Is Ros na Rún your favourite television programme?
→ An é Ros na Rún an clár teilifíse is fearr leat?
Plé
- Cé hé/hí an t-amhránaí is fearr libh?
- Is é/í an t-amhránaí is fearr liom ná …
- Cé hiad an banna ceoil is fearr libh?
- Is iad an banna ceoil …
- Cén scannán nó sraith teilifíse is fearr libh?
- Is é an scannán is fearr liom ná …
- An fearr libh tae nó caifé?
- Is fearr liomsa …